Ardchló Gaelach GC

Ardchló Gaelach GC

Is leagan leasaithe é seo den chló darb ainm Ardchló GC ina bhfuil cruth leath-uingeach curtha ar roinnt de na mionlitreacha. Tá na foirmeacha malartacha seo léirithe sa bhfíor thíos:

Litreacha malartacha

Cló ornáideach is ea Ardchló Gaelach GC.

Tá Ardchló Gaelach GC códaithe de réir Unicode agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Tá Ardchló Gaelach GC, leagan 1.00, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
seoladh ríomhphoist
Bíodh 'Ardchló Gaelach' luaite mar cheannteideal ar an teachtaireacht. Níor mhiste iarratas eile a dhéanamh muna bhfaightear freagra laistigh de sheachtain.