Caschló Ársa GC

Caschló Ársa GC

Is leagan speisialta de Chaschló GC é seo ina n-úsáidtear na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Tá an cló seo bunaithe ar stíl litreacha a bhí coitianta i dtús ré na hathbheochana ag tús an 20ú céad. Cé nár gearradh cló sa stíl seo riamh, baineadh úsáid aisti sa phéinteáil, san eitseáil agus sa ghreanadh adhmaid le haghaidh comharthaí, fógraí, léaráidí agus earraí maisithe eile. Bhí ceannteideal an 'Caidheamh Soluis', nuachtán Chonradh na Gaeilge, ar cheann de na foinsí a ceadaíodh nuair a bhí Caschló á dhearadh agus braithim go gcuireann na litreacha greanta agus na ciútaí beaga casta orthu ré an 'chlapsholais Cheiltigh' i gcuimhne do léitheoirí an lae inniu (féach na léaráidí thíos).

Cló ornáideach is ea Caschló Ársa GC.

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Tá Caschló Ársa GC, leagan 3.00, le fáil saor in aisce ach teachtaireacht á iarraidh a chur go dtí an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
seoladh ríomhphoist
Bíodh 'Caschló Ársa' luaite mar cheannteideal ar an teachtaireacht. Níor mhiste iarratas eile a dhéanamh muna bhfaightear freagra laistigh de sheachtain.