Suiteáil (MS Windows)

Níor athraíodh modh suiteála na gclónna idir Windows Vista, a eisíodh in 2007, agus Windows 11, an leagan reatha a eisíodh in 2021.

Chun cló a shuiteáil in MS Windows, cliceáil ar dheilbhín an chló faoi dhó le cnaipe clé na luiche. Osclóidh an Windows Font Viewer agus taispeánfar sampla den chló duit, rud a thabharfaidh deis duit an cló a scrúdú. Más tá tú cinnte gur mian leat an cló a shuiteáil, buail an cnaipe a bhfuil Install air.

Thíos: mar a léirítear Bunchló GC sa Windows Font Viewer a dháiltear le Windows 11.

Font Viewer