Ardchló Gaelach GC

Lámhscríbhinn Ghaeilge

Is leagan leasaithe é seo den chló darb ainm Ardchló GC ina bhfuil cruth leath-uingeach curtha ar roinnt de na mionlitreacha. Tá na foirmeacha malartacha seo léirithe sa bhfíor thíos:

Litreacha malartacha

Cló ornáideach is ea Ardchló Gaelach GC.

Tá Ardchló Gaelach GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir sa chló léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Ardchló Gaelach GC

Más mian leat an cló a úsáid le do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad ardggc.zip (19 KB) ina bhfuil Ardchló Gaelach GC, leagan 3.100, mar chló OpenType.

Más mian leat an cló a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad ardgw.zip (18 KB) ina bhfuil Ardchló Gaelach GC, leagan 3.100, sa Web Open Font Format. (WOFF2)