Bunchló Ársa GC

Is leagan speisialta de Bhunchló GC é seo ina n-úsáidtear na sean-fhoirmeacha fada de 'r' agus de 's'. Tá Bunchló GC bunaithe ar chló Newman a dearadh sa bhliain 1857 le haghaidh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann. Is air a bunaíodh mórchuid na gclónna Gaelacha a dearadh sa 20ú céad agus bíonn an cló in úsáid ag daoine nach mbacfadh le haon chló Gaelach eile - an fáth ar tugadh 'Bunchló' ar an leagan seo de. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y agus z) agus na huimhreacha.

Cló téacs is ea Bunchló Ársa GC. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.

Is é Bunchló GC an dara cló is sine i gcnuasach Ghaelchló: eisíodh an chéad leagan de sa bhliain 1996.

An gnáthleagan

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Bunchló Ársa GC

Faigh an comhad bunargc.zip (30 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa GC, leagan 12.200, ina chló OpenType.

An leagan iodálach

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Bunchló Ársa GC Iodálach

Faigh an comhad bunarigc.zip (33 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa GC Iodálach, leagan 12.200, ina chló OpenType.

An leagan trom

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Bunchló Ársa GC Trom

Faigh an comhad bunartgc.zip (31 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa GC Trom, leagan 12.200, ina chló OpenType.

An leagan dubh

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Bunchló Ársa Dubh GC

Faigh an comhad bunardgc.zip (26 KB) ina bhfuil Bunchló Ársa GC Dubh, leagan 12.200, ina chló OpenType.