Stair na Peannaireaċta

Ar an leathanach seo gheofar eolas ar stair na peannaireachta agus ar na noda a bhíodh in úsáid i lámhscríbhinní na Gaeilge.



An ṁórṗeannaireaċt, 6ú-12ú c.

Is le teacht na Críostaíochta sa 5ú céad a tháinig an pheannaireacht go hÉirinn - is é an t-aon chóras scríofa a bhí ag na Gaeil roimhe sin an oghamchraobh a ghreantaí i gcloch. Mar a bheifí ag súil leis, d'úsáid an chléir stíl peannaireachta a bhí coitianta ar fud iarthar na hEorpa ar dtús, stíl ar a dtugtar an pheannaireacht leath-uingeach Rómhánach, ach tháinig stíleanna nua chun cinn i mainistreacha na hÉireann de réir a chéile. Cé gur féidir le saineolaithe difríochtaí caolchúiseacha a aithint ó aois go haois, tá trí phríomhstíl den pheannaireacht dhúchasach ann, mar a léirítear thíos.

Is í an mhórpheannaireacht an ceann is luaithe de na stíleanna dúchasacha agus bhí sí in úsáid ón 6ú go dtí an 12ú céad. Tá cosúlachtaí follasacha idir í agus an pheannaireacht leath-uingeach Rómhánach a tugadh go hÉirinn le teacht na Críostaíochta, agus ní gan chúis a ghlaotar 'an pheannaireacht leath-uingeach Éireannach' (nó 'an pheannaireacht leath-uingeach inseach', ós rud é gur thug misinéirí as Éirinn an pheannaireacht chéanna leo chun na Breataine) uirthi uaireanta. Is í an ghné is suntasaí a bhaineann leis an stíl seo an trasmhír thriantánach ag barr gach líne ingearach ar chlé.

Cé gurb é seo an saghas peannaireachta is mó a shamhlaítear le hÉirinn sa lá atá inniu ann - de bharr an chlú atá bainte amach ag Leabhar Cheanannais ar fud an domhain thar aon ní eile - peannaireacht fhoirmeálta ba ea í nár úsáideadh ach le haghaidh an scrioptúir agus leabhair liotúirgeacha eile i Laidin. D'fhág toirt na litreacha agus costas ard an mheamraim nár oir an mhórpheannaireacht do théacsanna nach raibh tábhacht ar leith ag baint leo.



An ṁionṗeannaireaċt, 7ú-19ú c.

De bharr na gcúinsí a luadh thuas, bhí lámh níos simplí a d'fhéadfaí a bhreacadh go héasca ag teastáil agus tháinig an mhionpheannaireacht chun cinn ón 7ú céad amach, ní hamháin le haghaidh na Laidine ach le haghaidh na Gaeilge chomh maith. Is minic a fheictear an dá shaghas peannaireachta, mórpheannaireacht agus mionpheannaireacht, taobh le taobh sa cháipéis chéanna. Go deimhin, na sleachta is luaithe atá ar fáil sa Ghaeilge (fág na hoghamchlocha as an áireamh), is nótaí mionpheannaireachta iad a breacadh ar chiumhais leathanaigh chun téacs mórpheannaireachta as Laidin a mhíniú.

Mar a tharla i gcás na mórpheannaireachta leis, thug manaigh as Éirinn an mhionpheannaireacht chun na Breataine mar ar úsáideadh í chun an Sean-Bhéarla a scríobh anuas go dtí teacht na Normannach sa 11ú céad, tráth ar iompaigh na Sasanaigh ar an mionpheannaireacht Chairilínseach, scríbhinn a bhí in úsáid ar mhór-roinn na hEorpa ón 8ú céad amach. Ach leanadh d'úsáid na mionpheannaireachta dúchasaí in Éirinn a fhad is a bhí litríocht na Gaeilge á saothrú - is é sin le rá, anuas go dtí lár an 19ú céad nuair a thug tubaist shóisialta an Drochshaoil buille an bháis do chóipeáil na lámhscríbhinní.

Ní nach ionadh, is ar an mionpheannaireacht a bunaíodh an cló Gaelach nuair a cuireadh tús le foilsitheoireacht na Gaeilge ag deireadh an 16ú céad.



An ṗeannaireaċt reaṫa, 19ú-20ú c.

Le bunú an Society for the Preservation of the Irish Language (1876), Aondacht na Gaedhilge (1880), Irisleabhar na Gaedhilge (1882), agus Conradh na Gaeilge (1893), cuireadh dlús la hathbheochaint na teanga mar mheán nua-aimseartha liteartha. Chuige sin, bhí córas éifeachtach scríofa ag teastáil agus d'fhás stíl úr peannaireachta i mblianta deireannacha an 19ú céad. Cé go raibh cruth na litreacha bunaithe ar an mionpheannaireacht thraidisiúnta, fágadh na ciútaí maisiúla ar lár agus nascadh na litreacha le chéile chun stíl reatha peannaireachta a bhí lom simplí a chruthú.

Léiríonn na gnéithe sainiúla den lámh úr - easpa ornáideachais agus litreacha reatha - go raibh sé faoi anáil pheannaireacht an Bhéarla. Go deimhin, formhór na ndaoine a d'fhoghlaim scríobh na Gaeilge i ré na hathbheochana, bhí scríobh an Bhéarla acu cheana féin. Leanadh den pheannaireacht reatha tar éis bhunú an tSaorstáit, ach cuireadh deireadh lena múineadh sna scoileanna sa bhliain 1964; an pheannaireacht Rómhánach amháin a mhúinfí sa chóras oideachais feasta. Sa lá atá inniu ann, is beag duine faoi bhun caoga bliain d'aois atá in ann an pheannaireacht Ghaelach a léamh, ní áirím í a scríobh.



Noda na láṁscríḃinní

Mínítear roinnt de na noda is coitianta a d'úsáidtí i lámhscríbhinní na Gaeilge anseo. Sna léaráidí thíos baintear úsáid as Seanchló na Nod GC, cló speisialta atá le fail ón suíomh seo.

Nasclitir comhdhéanta as na mionlitreacha 'a' agus 'o' atá anseo. D'úsáidtí an tsiombail seo sa chlódóireacht leis.

'Q' beag agus stríoc tríd a sheas ar dtús do quod na Laidine agus ina dhiaidh sin do 'ar' na Gaeilge. D'úsáidtí an tsiombail seo sa chlódóireacht leis.

Seo 'ar' (féach thuas) agus 'i' beag breactha os a chionn, siombail a chiallaigh'air'. D'úsáidtí í sa chlódóireacht leis.

Ciallaíonn stríoc agus ponc séimhithe os a cionn ag deireadh focail go bhfuil guta(í) agus consan séimhithe fágtha ar lár: '-(e)adh' a bhíonn i gceist go minic ach d'fhéadfadh leithéidí '-(a)idh', '-(a)idhe', '-(a)igh' nó '-(a)ighe' a bheith i gceist chomh maith.

Ciallaíonn líne chuartha mar seo os cionn litreach go bhfuil 'm' fágtha ar lár ina diaidh; 'am' an focal atá scríofa ar chlé.

An rud céanna atá i gceist anseo ach amháin go bhfuil an 'm' séimhithe; is é 'amh' an focal atá scríofa ar chlé.

Ciallaíonn líne dhíreach os cionn litreach go bhfuil 'n' fágtha ar lár ina diaidh; is é 'an' an focal atá scríofa ar chlé. D'úsáidtí an tsiombail seo sa chlódóireacht leis.

Ciallaíonn líne dhúbailte os cionn litreach go bhfuil dhá 'n' fágtha ar lár ina diaidh; is é 'ann' an focal atá scríofa ar chlé.

An litir 'b' nasctha le nod a sheasann do 'm' (féach thuas) atá sa chomhartha seo agus d'úsáidtí é le haghaidh 'b' uraithe.

Con na Laidine a bhíodh i gceist leis an nod seo ar dtús agus choinnigh sé an fhuaim chéanna sa Ghaeilge.

Centum na Laidine nó 'céad' na Gaeilge atá anseo.

Seo cecinit na Laidine, focal a chiallaíonn 'do chan'. D'úsáidtí an nod seo sna lámhscríbhinní chun údar an téacs a ainmniú: 'Eoghan Ruadh cct.' mar shampla.

Leagan ard den litir 'e' atá anseo a sheas do na litreacha 'ea' sa Nua-Ghaeilge. D'úsáidtí an tsiombail seo sa chlódóireacht leis.

Nasclitir comhdhéanta as na mionlitreacha 'e' agus 'a'. D'úsáidtí an tsiombail seo sa chlódóireacht leis.

Et (.i. 'agus' sa Laidin) a bhíodh i gceist leis an nod seo ar dtús. Ina dhiaidh sin bhaintí úsáid as le haghaidh 'agus' na Gaeilge, agus freisin le haghaidh na litreacha 'et' sa tsean-Ghaeilge nó 'ead' sa nua-Ghaeilge. Tá sé fós in úsáid le haghaidh 'agus'.

Agus síneadh fada air, seasann an nod seo don siolla 'éad'.

Agus ponc séimhithe air, seasann an nod seo don siolla 'eadh'.

Et cetera, nod atá in úsáid fós.

Nasclitir comhdhéanta as 'e' ard agus 't'. Chiallaíonn sé et sa Laidin nó 'agus' sa Ghaeilge. D'úsáidtí an tsiombail seo sa chlódóireacht leis.

Nod a sheasann do 'go' nó 'gur'.

Nod a sheasann don fhocal 'iodhon' (nó 'eadhon') agus atá fós in úsáid.

Na litreacha 'ir' a bhíodh i gceist leis an nod seo.

Sheas an litir 'k' don fhuaim 'ca', agus uaireanta don fhocal 'cath'.

Seo mille na Laidine nó 'míle' na Gaeilge.

Nod a chiallaigh 'mac' nó 'mar'.

'Mac' nó 'mic' a bhí i gceist leis an nod seo.

Nasclitir comhdhéanta as na mionlitreacha 'n' agus 'a'.

Agus síneadh fada curtha air, chiallaíodh an nod thuas 'ná'.

D'úsáidtí an litir 'q' mar nod le haghaidh na litreacha 'cu'.

Ba mhinic a léirítí 'r' dúbailte le nod cosúil leis seo.

Seasann an nod seo - saghas 'r' beag a scríobhtar os cionn líne na litreacha - le haghaidh 'r' nó 'ra'.

Ní fheictear an 'r' speisialta seo ach ag deireadh focail - 'tír' atá scríofa ar chlé.

Seasann 's' beag os cionn líne na litreacha don siolla 'ear' - 'fear' an focal atá scríofa ar chlé.


Nuair a scríobhadh litir os cionn (nó 'ar') litir eile, ciallaigh sé go raibh 'r' (nó 'ar') le léamh idir an dá litir nó i ndiaidh an dara litir. D'fhéadfaí na noda ar chlé a scaoileadh mar 'tra'/'tar' agus mar 'gru'/'gur' de réir mar a d'fheilfeadh léamh amháin nó eile don chomhthéacs.

Sed, focal a chiallaíonn 'ach' sa Laidin, a bhí i gceist leis an nod seo ar dtús. Sa Ghaeilge, úsáideadh é ní hamháin le haghaidh an fhocail 'ach' nó 'acht', ach don siolla '-(e)acht' freisin. D'úsáidtí é sa chlódóireacht leis.

Nod a sheas don siolla '-us' sa Laidin agus a úsáideadh sa Ghaeilge le haghaidh '-us' nó '-as' ag deireadh focail.

Nasclitir comhdhéanta as na mionlitreacha 'v' (.i. 'u') agus 'i'. D'úsáidtí an tsiombail seo sa chlódóireacht leis.

Na litreacha Gréigise 'XP' a scríobhadh le haghaidh 'Críost' go minic.

Tugtar 'ceann faoi eite' ar an gcomhartha poncaíochta seo. Chiallaigh sé go raibh clabhsúr curtha ar líne agus gur leis an gcéad líne eile den téacs a bhain gach ar lean é.