Suiteáil (macOS)

Chun cló nua a shuiteáil in macOS, cliceáil ar dheilbhín an chló faoi dhó leis an luch; osclóidh bosca mar atá léirithe thíos. Le críochnú, buail an cnaipe ag bun an bhosca ar dheis a bhfuil Install Font air.

suiteáil

Cuirfear an cló i dtaisce i gceann nó eile de dhá áit, ag brath ar an réamhshocrú a roghnaíodh sa chlár darb ainm Font Book. Má socraíodh roimh ré go mbeadh clónna nua le fáil ag gach duine a úsáideann an ríomhaire, sábhálfar iad in:
      HD/Library/Fonts/
Ach más é an réamhshocrú a deineadh nach mbeadh clónna nua le fáil ach ag úsáideoir áirithe, cuirfear i dtaisce iad in:
      HD/Users/UserName/Library/Fonts/
nuair is é 'UserName' ainm an úsáideora atá i gceist.

Thíos: mar a léirítear Bunchló sa Font Book a dháiltear le 'Monterey' (macOS 12.0).
Font Book