Web Open Font Format

Is féidir clónna WOFF2 a úsáid ar leathanaigh ghréasáin agus tá na brabhsálaithe nua-aoiseacha a fheictear thuas in ann iad a thaispeáint mar is cóir. Go deimhin, tá cló WOFF2 le feiscint i gceannteideal an leathanaigh seo!

Chun cló WOFF2 a úsáid, caithfear an chlib @font-face a chur isteach sa chomhad CSS (an leathanach stíle) agus caithfear an chlib font face a chur isteach sa chomhad HTML (an leathanach gréasáin).

Sa sampla seo a leanas, glactar leis go bhfuil an cló WOFF2 curtha i dtaisce sa chomhadlann chéanna ina bhfuil an comhad CSS, toisc gurb é seo an cás is simplí. D'fhéadfá an cló a chur áit éigin eile dá n-oirfeadh sé sin duit, ar ndóigh, ach bheadh URL (seoladh) níos faide ag teastáil sa chomhad CSS sa chás sin. Seo, mar shampla, an téacs a theastódh dá mbeifeá ag iarraidh Úrchló GC a úsáid:

@font-face {
font-family: 'SansOscailte';
src: url('SansOscailte.woff2') format('woff2');
}

Agus an ráiteas thuas curtha isteach sa chomhad CSS, níl le déanamh agat chun Úrchló GC a úsáid ar leathanach gréasáin ach an chlib <font face="SansOscailte"> a ċuɼ ɼoiṁ an giota téacs atá i gceist (go díɼeaċ maɼ atá déanta againn anseo) aguſ an ċlib </font> a chur ina dhiaidh sa chomhad HTML.

Níl anseo ach na treoracha is bunúsaí ach gheofar comhairle níos cuimsithí ar úsáid clónna WOFF ar an ngréasán domhanda. Ar an drochuair, níl sé in acmhainn do Ghaelchló comhairle phearsanta a thabhairt do dhaoine a bhfuil breis eolais ar an ábhar seo ag teastáil uathu.