Barrchló GC

Cló Gaelach nuadheartha is ea Barrchló GC. Tá sé bunaithe go scaoilte ar an mórpheannaireacht inseach ('insular majuscule') ach tá sé curtha in oiriúint do chlódóireacht na linne seo. Cló ornáideach is ea é go príomha, ach d'fhéadfaí é a úsáid le haghaidh téacsanna gearra i dtomhais mhóra.

Eisíodh an chéad leagan de Bharrchló GC in 2023.

An ḟoireann

Barrchló GC

Tá Barrchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r', 's' agus 'ṡ' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i mBarrchló GC. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1. Chun leaganacha malartacha de na litreacha 'd', 'ḋ', 'ð', 'L', 'H', 'N' agus 'Ñ' a fháil, roghnaigh stylistic set 2. Tá na leaganacha malartacha céanna le fáil, in éineacht leis na leaganacha inseacha de 'r' agus 's', in stylistic set 3.

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad barrgc.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Bharrchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad barrw.zip ina bhfuil leagan 1.000 de Bharrchló GC sa Web Open Font Format.