Bunchló GC

Tá Bunchló GC bunaithe ar chló Newman a dearadh sa bhliain 1857 le haghaidh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann. Is air a bunaíodh mórchuid na gclónna Gaelacha a dearadh sa 20ú céad agus bíonn an cló in úsáid ag daoine nach mbacfadh le haon chló Gaelach eile - an fáth ar tugadh 'Bunchló' ar an leagan seo de. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y agus z) agus na huimhreacha.

Cló téacs is ea Bunchló GC. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.

Is é Bunchló GC an dara cló is sine i gcnuasach Ghaelchló: eisíodh an chéad leagan de sa bhliain 1996.

An ġnáṫḟoireann

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

An ḟoireann ṫrom

An ḟoireann ḋuḃ

Malairtí stíle

Tá roinnt malairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i leagan 13.00 den chló in éineacht leis an stíl réamhshocraithe. Lena n‑úsáid, roghnaigh tacar stíle uimhir a haon (ss01), uimhir a dó (ss02), nó uimhir a trí (ss03), mar atá léirithe thíos:

Lena chois sin, tá ceannlitreacha beaga le fáil sa ghnáthfhoireann, san fhoireann iodálach, agus san fhoireann throm den chló. Chun na ceannlitreacha beaga a úsáid, roghnaigh stylistic set 4 (ss04):

Ach is é tacar stíle uimhir a haon (ss01) amháin atá le fáil i mBunchló Dubh GC.

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad bungc.zip ina bhfuil leagan 14.00 de Bhunchló GC, de Bhunchló Iodálach GC, is de Bhunchló Trom GC, agus leagan 13.00 de Bhunchló Dubh GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad bunw.zip ina bhfuil leagan 14.00 de Bhunchló GC, de Bhunchló Iodálach GC, is de Bhunchló Trom GC, agus leagan 13.00 de Bhunchló Dubh GC sa Web Open Font Format.