Caschló GC

Tá an cló seo bunaithe ar stíl litreacha a bhí coitianta i dtús ré na hathbheochana ag tús an 20ú céad. Cé nár gearradh cló miotail sa stíl seo riamh, baineadh úsáid aisti sa phéinteáil, san eitseáil agus sa ghreanadh adhmaid le haghaidh comharthaí, fógraí, léaráidí agus earraí maisithe eile. Bhí ceannteideal an 'Claidheamh Soluis', nuachtán Chonradh na Gaeilge, ar cheann de na foinsí a ceadaíodh nuair a bhí Caschló á dhearadh.

Cló ornáideach is ea Caschló GC: cuirfidh na litreacha greanta agus na ciútaí beaga casta orthu ré an 'chlapsholais Cheiltigh' i gcuimhne do léitheoirí an lae inniu.

Eisíodh an chéad leagan de Chaschló GC sa bhliain 2005.

An ḟoireann

Caschló GC

Tá Caschló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 5.000 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad casgc.zip ina bhfuil leagan 5.10 de Chaschló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad casw.zip ina bhfuil leagan 5.10 de Chaschló GC sa Web Open Font Format.