Corrchló GC

Tá Corrchló GC bunaithe ar stíl shainiúil litreoireachta a chleacht M. A. Keane ar chlúdaigh na leabhar a dhear sé don Ghúm sna 1930í.

Cló ornáideach is ea Corrchló GC. Tá sé róthrom le húsáid i dtéacsaí fada.

Eisíodh an chéad leagan de Chorchló GC sa bhliain 2024.

An ḟoireann

Corrchló GC

Tá Corrchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r', 's' agus 'ṡ' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i gCorrchló GC. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1. Chun leaganacha malartacha de na litreacha 'D', 'Ḋ', 'F', 'Ḟ', 'P' agus 'Ṗ' a fháil, roghnaigh stylistic set 2. Tá na leaganacha malartacha céanna le fáil, in éineacht leis na leaganacha inseacha de 'r' agus 's', in stylistic set 3 mar atá léirithe sa tábla thíos.

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad corrgc.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Chorrchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad corrw.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Chorrchló GC sa Web Open Font Format.