Lánchló GC

Cló nua-dheartha is ea Lánchló GC ach tá cosúlachtaí áirithe idir é agus an cló darb ainm Verdana. Is é an rud a chuireas romham agus Lánchló á dhearadh agam ná cló nua-aoiseach Gaelach a mbeadh 'x-airde' mór aige a chruthú: dá airde iad na mionlitreacha is ea is soléite a bhíonn na tomhais is lú den chló.

Cló téacs is ea Lánchló GC a oireann don ríomhaireacht go háirithe. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha nach bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Verdana nó Arial mar shampla.

Eisíodh an chéad leagan de Lánchló GC sa bhliain 2000.

An ġnáṫḟoireann

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

An ḟoireann ṫrom

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 7.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad langc.zip ina bhfuil leagan 7.00 de Lánchló GC, de Lánchló Iodálach GC agus de Lánchló Trom GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad lanw.zip ina bhfuil leagan 7.00 de Lánchló GC, de Lánchló Iodálach GC agus de Lánchló Trom GC sa Web Open Font Format.