Mearchló GC

Is ar ghnáthpheannaireacht sciobtha neamhoilte an lae inniu a bunaíodh Mearchló GC. Cló ornáideach is ea é.

Eisíodh an chéad leagan de Mhearchló GC sa bhliain 2005.

An ḟoireann

Mearchló GC

Tá Mearchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 2.100 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad meargc.zip ina bhfuil leagan 2.10 de Mhearchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad mearw.zip ina bhfuil leagan 2.10 de Mhearchló GC sa Web Open Font Format.