Sula raibh aon trácht ar ríomhairí, bhaintí usáid as innill mheicniúla ar a dtugtaí 'clóscríobháin' le haghaidh litreacha gnó agus cáipéisí oifigiúla. Níorbh ionann stíl na litreacha ar na clóscríobháin éagsúla, áfach, agus tá trí stíl a bhain le comhlachtaí éagsúla léirithe anseo thíos.
Tá litir a scríobhadh le clóscríobhán de dhéantús an chomhlachta Royal le léamh anseo.
Tá clónna digiteacha bunaithe ar litreacha clóscríofa an chomhlachta Royal curtha amach ag Michael Everson. Tá 'Doire' agus 'Doire Royal' ar leagan 'glan' is ar leagan 'garbh' den chló faoi seach.
Tá litir a scríobhadh le clóscríobhán de dhéantús an chomhlachta Tower le léamh anseo.
Tá clónna digiteacha bunaithe ar litreacha clóscríofa an chomhlachta Tower curtha amach ag Michael Everson. Tá 'Teamhair' agus 'Teamhair Tower' ar leagan 'glan' is ar leagan 'garbh' den chló faoi seach.
Tá litir a scríobhadh le clóscríobhán de dhéantús an chomhlachta Underwood le léamh anseo.
Tá cló digiteach bunaithe ar litreacha clóscríofa an chomhlachta Underwood curtha amach ag Michael Everson faoin ainm 'Darmhagh Underwood'; leagan 'garbh' den stíl atá i gceist.