Nuaċt ó Ġaelċló
-
4 11/2024
Mínċló GC
Seoladh Mínchló GC, leagan 8.00, ina bhfuil ceannlitreacha beaga le fáil den chéad uair.
-
24 8/2024
Láṁċló GC
Seoladh Lámhchló GC, leagan 1.00. Cló nuadheartha is ea é atá bunaithe ar pheannaireacht reatha an 20ú céad.
-
16 3/2024
Corrċló GC
Seoladh Corrchló GC, leagan 1.00. Cló is ea é atá bunaithe ar an stíl litreoireachta a chleacht M. A. Keane ar chlúdaigh na leabhar a dhear sé don Ghúm sna 1930í.
-
23 12/2023
Bunċló GC
Seoladh Bunchló GC, leagan 14.00, ina bhfuil ceannlitreacha beaga le fáil den chéad uair.
-
12 12/2023
Seanċló na Nod GC
Seoladh Seanchló na Nod GC, leagan 3.20, ina bhfuil nod amháin sa bhreis: mar atá, an nod a sheasann do 'vel' sa Laidin agus do 'nó'/'ná' sa Ghaeilge.
-
15 11/2023
Ríċló GC
Seoladh Ríchló GC, leagan 3.00, ina bhfuil ceannlitreacha beaga le fáil den chéad uair. Lena chois sin, leasaíodh an fhoireann throm chun na ceannlitreacha a dhéanamh beagáinín níos éadroime.
-
23 9/2023
Barrċló GC
Seoladh Barrchló GC, leagan 1.00. Cló nuadheartha is ea é atá bunaithe go scaoilte ar an mórpheannaireacht inseach.
-
30 6/2023
Lomċló GC
Seoladh Lomchló GC, leagan 4.00, ina bhfuil foireann iodálach le fáil den chéad uair.
-
20 5/2023
Glanċló GC
Seoladh Glanchló GC, leagan 15.00, ina bhfuil ceannlitreacha beaga le fáil den chéad uair.
-
9 4/2023
Órċló GC
Seoladh Órchló GC, leagan 8.00, ina bhfuil níos mó carachtar le fáil mar mhalairtí stíle.
-
6 3/2023
Aonċló GC
Seoladh Aonchló GC, leagan 7.00, ina bhfuil foireann iodálach le fáil den chéad uair.
-
10 2/2023
Póstaer Ġaelċló
Foilsíodh athleagan den phóstaer a bhfuil clónna Ghaelchló léirithe air. Tá an cló is déanaí linn, Dubhchló GC, léirithe ar an bpóstaer nua.
-
1 2/2023
Duḃċló GC
Seoladh Dubhchló GC, leagan 1.00, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
3 12/2022
Lomċló GC
Seoladh Lomchló GC, leagan 3.0, ina bhfuil foireann throm le fáil den chéad uair.
-
10 11/2022
Mastodon
Seoladh an chéad teachtaireacht riamh ónár gcuntas ar Mastodon.
-
9 11/2022
Sráidċló GC
Seoladh Sráidchló GC, leagan 3.0, ina bhfuil athdhearadh déanta ar na litreacha 'V', 'W', 'X' agus 'Y'.
-
5 11/2022
Ríċló GC
Seoladh an fhoireann iodálach de Ríchló GC.
-
5 10/2022
Ríċló GC
Seoladh Ríchló GC, leagan 2.0, ina bhfuil foireann throm le fáil den chéad uair.
-
1 9/2022
Mínċló GC
Seoladh Mínchló GC, leagan 7.0, ina bhfuil foireann iodálach le fáil den chéad uair.
-
15 7/2022
Seanċló na Nod GC
Seoladh Seanchló na Nod GC, leagan 3.0, ina bhfuil réimse níos leithne de charachtair curtha ar fáil. Ag an céanna, tarraingíodh Bunchló na Nod siar: ní bheidh an cló sin le fáil a thuilleadh toisc go bhfuil stíl na litreacha i Seanchló na Nod GC níos cosúla le peannaireacht na lámhscríbhinní.
-
13 7/2022
Nuaċló GC
Seoladh Nuachló GC, leagan 3.0, ina bhfuil foirmeacha éagsúla de 'f séimhithe' agus de 't séimhithe' le fáil mar mhalairt stíle.
-
3 7/2022
Úrċló Róṁánaċ GC
Seoladh Úrchló Rómhánach GC, leagan 13.0, ina bhfuil foirmeacha éagsúla de 'f séimhithe' agus de 't séimhithe' le fáil mar mhalairt stíle.
-
28 6/2022
Úrċló GC
Seoladh Úrchló GC, leagan 13.0, ina bhfuil na foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
23 6/2022
Tromċló GC
Seoladh Tromchló GC, leagan 2.0, ina bhfuil na foirmeacha inseacha de 'r' agus 's', agus foirmeacha malartacha de roinnt litreacha eile, le fáil mar mhalairtí stíle.
-
21 6/2022
Slimċló GC
Seoladh Slimchló GC, leagan 3.0, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
19 6/2022
Seanċló GC
Seoladh Seanchló GC, leagan 7.0. Is iad na foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' atá réamhshocraithe anois ach tá na foirmeacha nua-aoiseacha le fáil mar stíl mhalartach. Tarraingíodh Seanchló Ársa GC siar.
-
14 6/2022
Saorċló GC
Seoladh Saorchló GC, leagan 5.0, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
9 6/2022
Órċló GC
Seoladh Órchló GC, leagan 7.0, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
3 6/2022
Mórċló GC
Seoladh Mórchló GC, leagan 4.0, ina bhfuil roinnt malairtí stíle le fáil.
-
30 5/2022
Mionċló GC
Seoladh Mionchló GC, leagan 3.0, ina bhfuil foirmeacha nua-aoiseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
27 5/2022
Mínċló GC
Seoladh Mínchló GC, leagan 6.000, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
25 5/2022
Mearċló GC
Seoladh Mearchló GC, leagan 2.100, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
21 5/2022
Lomċló GC
Seoladh Lomchló GC, leagan 2.00, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
19 5/2022
Lánċló GC
Seoladh Lánchló GC, leagan 7.0, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
15 5/2022
Géarċló GC
Seoladh Géarchló GC, leagan 2.0. Is iad na foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' atá réamhshocraithe sa leagan is déanaí den chló ach tá foirmeacha nua-aoiseacha de na litreacha le fáil mar stíl mhalartach. Tarraingíodh Géarchló Ársa GC siar.
-
9 5/2022
Fíorċló GC
Seoladh Fíorchló GC, leagan 8.1, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
2 5/2022
Dlúṫċló GC
Seoladh Dlúthchló GC, leagan 3.2, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
29 4/2022
Deasċló GC
Seoladh Deaschló GC, leagan 1.2, ina bhfuil foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
26 4/2022
Ríċló GC
Seoladh Ríchló GC, leagan 1.1, ina bhfuil foirmeacha nua-aoiseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
25 4/2022
Casċló GC
Seoladh Caschló GC, leagan 5.0, agus tarraingíodh Caschló Ársa GC siar toisc go bhfuil na stíleanna inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar stíl mhalartach sa leagan is déanaí den chló.
-
23 4/2022
Bunċló GC
Seoladh Bunchló GC, leagan 13.0. Ag an am céanna, tarraingíodh Bunchló Ársa GC agus Bunchló Nua GC siar toisc go bhfuil na stíleanna seo den chló le fáil anois mar stíleanna malartacha sa leagan is déanaí de Bhunchló GC.
-
7 4/2022
Malairtí stíle
Foilsíodh leathanach nua a mhíníonn conas is féidir malairtí stíle (stylistic alternates) a úsáid sna feidhmchláir is coitianta (MS Word, Pages agus LibreOffice Writer).
-
5 3/2022
Ardċló GC agus Ardċló Eorpaċ GC
Seoladh leagan 4.00 de 'Ardchló Gaelach GC' faoin ainm Ardchló GC, agus leagan 4.00 de 'Ardchló GC' faoin ainm Ardchló Eorpach GC.
-
22 2/2022
Sráidċló GC
Seoladh Sráidchló GC, leagan 2.0, ina bhfuil na foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
18 2/2022
Glanċló GC
Seoladh Glanchló GC, leagan 14.0, ina bhfuil na leaganacha inseacha de 'r' agus 's' le fáil mar mhalairt stíle.
-
16 2/2022
Póstaeir nua
Eisíodh dhá phóstaer: athleagan de "An Cló Gaelach i Ré an Mhiotail" ina bhfuil cló Uí Shearcaigh istigh don chéad uair, agus póstaer nua dar teideal "Clónna Ghaelchló" a léiríonn na clónna éagsúla atá eisithe againn le beagnach tríocha bliain anuas.
-
8 2/2022
Aonċló GC
Seoladh Aonchló GC, leagan 6.0, ina bhfuil 'r' agus 's' ard le fáil mar mhalairt stíle.
-
25 1/2022
Úrċló GC agus Úrċló Róṁánaċ GC
Seoladh Úrchló GC, leagan 12.0, agus Úrchló Rómhánach GC, leagan 12.0, mar chlónna OpenType agus mar chlónna WOFF2.
-
4 1/2022
Saorċló GC 4.0
Seoladh Saorchló GC, leagan 4.0, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
1 1/2022
Haiku an Ċlóġrafóra
Eisíodh póstaer nuadheartha dar teideal 'Haiku an Chlóghrafóra'.
-
26 12/2021
Seanċló GC 6.0 agus Seanċló Ársa 6.0
Seoladh Seanchló GC, leagan 6.0, agus Seanchló Ársa GC, leagan 6.0, mar chlónna OpenType agus mar chlónna WOFF2. Tarraingíodh na leaganacha dubha den dá chló seo siar.
-
11 12/2021
Tromċló GC 1.1
Seoladh Tromchló GC, leagan 1.1, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
6 12/2021
Slimċló GC 2.0
Seoladh Slimchló GC, leagan 2.0, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
3 12/2021
Sráidċló GC 1.1
Seoladh Sráidchló GC, leagan 1.1, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
2 12/2021
Órċló GC 6.0
Seoladh Órchló GC, leagan 6.0, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
28 11/2021
Nuaċló GC 2.0
Seoladh Nuachló GC, leagan 2.0, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
19 11/2021
macOS 'Monterey'
Foilsíodh an t-eolas faoi shuiteáil clónna agus faoi úsáid an chló Ghaelaigh le macOS 12.0, 'Monterey'.
-
16 11/2021
Windows 11
Foilsíodh an t-eolas faoi shuiteáil clónna agus faoi úsáid an chló Ghaelaigh le Windows 11.
-
13 11/2021
Mórċló GC 3.0
Seoladh Mórchló GC, leagan 3.0, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
8 11/2021
Mionċló GC 2.0
Seoladh Mionchló GC, leagan 2.0, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
31 10/2021
Mínċló GC 5.0
Seoladh an gnáthleagan agus an leagan trom de Mhínchló GC mar chlónna OpenType agus mar chlónna WOFF2.
-
25 10/2021
Lánċló GC 6.1 agus Lomċló GC 1.2
Seoladh Lánchló GC, leagan 6.1, agus Lomchló GC, leagan 1.2, mar chlónna OpenType agus mar chlónna WOFF2.
-
18 10/2021
Ríċló GC
Seoladh Ríchló GC, ar leagan digiteach de chló Petrie é, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
8 10/2021
Mearċló GC 2.0
Seoladh Mearchló GC, leagan 2.0, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2. Tarraingíodh an leagan trom den chló seo siar ag an am céanna
-
19 9/2021
Glanċló GC 3.1
Seoladh Glanchló GC, leagan 3.1, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
4 9/2021
Géarċló GC 1.2 agus Géarċló Ársa 1.2
Seoladh Géarchló GC, leagan 1.2, agus Géarchló Ársa GC, leagan 1.2, mar chlónna OpenType agus mar chlónna WOFF2.
-
27 8/2021
Fíorchló GC 8.0
Seoladh Fíorchló GC, leagan 8.0, mar chló OpenType agus mar chló WOFF2. Don chéad uair, tá na ceannlitreacha 'D', 'F', 'G agus 'T' sa stíl inseach le fáil sa leagan is déanaí den chló.
-
23 8/2021
Deaschló GC 1.1 agus Dlúthchló GC 3.1
Seoladh Deaschló GC, leagan 1.1, agus Dlúthchló GC, leagan 3.1, mar chlónna OpenType agus mar chlónna WOFF2.
-
20 8/2021
Caschló GC 4.1 agus Caschló Ársa GC 4.1
Seoladh Caschló GC, leagan 4.1, agus Caschló Ársa GC, leagan 4.1, mar chlónna OpenType agus mar chlónna WOFF2.
-
9 8/2021
Bunchló Nua GC, leagan 3.2
Seoladh Bunchló Nua GC 3.2 mar chló OpenType agus mar chló WOFF2.
-
30 7/2021
Bunchló Ársa GC, leagan 12.2
Seoladh Bunchló Ársa GC 12.2 mar chló OpenType.
-
30 7/2021
Bunchló GC, leagan 12.0
Seoladh Bunchló GC 12.2 mar chó OpenType.
-
15 7/2021
Aonchló GC, leagan 5.2
Seoladh leagan 5.2 de Aonchló GC mar chló OpenType agus mar chló WOFF2. Tá siad le fáil go díreach ón suíomh seo.
-
3 7/2021
Lomchló GC, leagan 1.1
Seoladh leagan 1.1 de Lomchló GC mar chló TrueType agus mar chló WOFF2. Tá siad le fáil go díreach ón suíomh seo.
-
26 6/2021
Lánchló GC, leagan 6.0
Seoladh leagan 6 de Lánchló GC mar chlónna TrueType agus mar chlónna WOFF2. Don chéad uair, tá clófhoireann iodálach curtha leis an gcló. Is féidir iad a bhailiú go díreach ón suíomh seo.
-
25 5/2021
Glanchló GC, leagan 13.0
Seoladh Glanchló GC, leagan 13.0 mar chló TrueType agus mar chló WOFF2. Tá trí stíl den chló (gnách, iodálach agus trom) le fáil go díreach ón suíomh seo; tarraingíodh siar an stíl dhubh den chló a bhíodh le fáil roimhe seo.
-
1 5/2021
Deaschló GC, leagan 1.0
Seoladh Deaschló GC, leagan 1.0 mar chló TrueType agus mar chló WOFF2. Is féidir é a bhailiú go díreach ón suíomh seo.
-
12 3/2021
Géarchló GC agus Géarchló Ársa GC, leaganacha 1.1
Seoladh Géarchló GC agus Géarchló Ársa GC, leaganacha 1.1 mar chlónna TrueType agus mar chlónna WOFF2. Tá siad le fáil go díreach ón suíomh seo.
-
16 2/2021
Fíorchló GC, leagan 7.0
Seoladh Fíorchló GC, leagan 7.0 mar chló TrueType agus mar chló WOFF2. Tá an dá leagan le fáil go díreach ón suíomh seo.
-
12 2/2021
Caschló GC, Caschló Ársa GC agus Dlúthchló GC mar chlónna WOFF2
Cuireadh Caschló GC, Caschló Ársa GC agus Dlúthchló GC ar fáil mar chlónna WOFF2 don chéad uair.
-
5 2/2021
Dlúthchló GC, leagan 3.0
Seoladh Dlúthchló GC, leagan 3.0 agus is feidir é a fháil go díreach ón suíomh seo.
-
3 2/2021
Caschló GC agus Caschló Ársa GC, leagan 4.0
Seoladh Caschló GC, leagan 4.0, agus Caschló Ársa GC, leagan 4.0. Don chéad uair, tá na clónna seo le fáil go díreach ón suíomh seo.
-
29 1/2021
Bunchló Nua GC, leagan 3.1
Seoladh Bunchló Nua GC, leagan 3.1. Tá an leagan is déanaí le fáil mar chló TrueType - agus freisin mar chló WOFF2 a bheidh le fáil feasta in ionad an chló WOFF a bhí ann go dtí seo.
-
11 1/2021
Ardchló GC agus Ardchló Gaelach GC, leagan 3.0
Seoladh Ardchló GC, leagan 3.0 agus Ardchló Gaelach GC, leagan 3.0 , mar chlónna TrueType agus mar chlónna WOFF2.
-
23 12/2020
Aonchló GC, leagan 5.1
Seoladh leagan nua d'Aonchló GC ina bhfuil cúpla carachtar sa bhreis. Tá leagan 5.1 le fáil mar chló TrueType agus mar chló WOFF2, an leagan amach is déanaí den Web Open Format Format atá níos lú ná an cló WOFF a bhí le fáil go dtí seo.
-
29 11/2020
Sráidchló GC
Seoladh Sráidchló GC, cló nua-dheartha atá bunaithe ar litreoireacht na seanchomharthaí sráide i mBaile Átha Cliath.
-
22 11/2020
macOS 'Big Sur'
Cuireadh an t-eolas is déanaí faoi macOS leis na treoracha ar shuiteáil agus ar úsáid an chló Ghaelaigh.
-
28 9/2020
Moltaí clóchuir
Aistríodh na moltaí i dtaobh chlóchur an chló Ghaelaigh ó shuíomh Scríbhinn go dtí an suíomh seo.
-
22 9/2020
Clónna le dearthóirí eile
Aistríodh an t-ábhar ar chlónna digiteacha le dearthóirí eile ó shuíomh Scríbhinn go dtí an suíomh seo.
-
21 8/2020
Clúdaigh Leabhar
Aistríodh na priontaí de chlúdaigh leabhar an Ghúim ó shuíomh Scríbhinn go dtí an suíomh seo.
-
17 8/2020
Clóscríobh na Gaeilge
Aistríodh ábhar ar chlóscríobh na Gaeilge ó shuíomh Scríbhinn go dtí an suíomh seo.
-
16 8/2020
Stair na peannaireachta agus an chló
Aistríodh dhá leathanach ar stair na peannaireachta agus ar stair an chló Ghaelaigh ó shuíomh Scríbhinn (a rachaidh as feidhm ag deireadh na bliana) go dtí an suíomh seo.
-
5 8/2020
Bunchló Dubh GC agus Bunchló Ársa Dubh GC
Seoladh Bunchló Dubh GC, leagan 12.0, agus Bunchló Ársa Dubh GC, leagan 12.0.
-
29 7/2020
Bunchló Nua GC, leagan 3.0
Seoladh Bunchló Nua GC 3.0. Tá an gnáthleagan, an leagan iodálach agus an leagan trom curtha ar fáil le níos mó carachtar ná riamh cheana: is féidir teangacha iarthar na hEorpa, teangacha lár na hEorpa, agus teangacha na dtíortha Baltacha a scríobh le Bunchló Nua GC 3.0.
-
17 7/2020
An Cló Gaelach i Ré an Mhiotail
Eisíodh póstaer nua a thaispeánann na clónna Gaelacha go léir a bhí in úsaid idir an 16ú agus an 20ú céad.
-
14 7/2020
Bunchló Ársa GC, leagan 12.0
Seoladh Bunchló Ársa GC 12.0. Tá an gnáthleagan, an leagan iodálach agus an leagan trom curtha ar fáil le níos mó carachtar ná riamh cheana: is féidir teangacha iarthar na hEorpa, teangacha lár na hEorpa, agus teangacha na dtíortha Baltacha a scríobh le Bunchló Ársa GC 12.0.
-
27 6/2020
Bunchló GC, leagan 12.0
Seoladh Bunchló GC 12.0. Tá an gnáthleagan, an leagan iodálach agus an leagan trom curtha ar fáil le níos mó carachtar ná riamh cheana: is féidir teangacha iarthar na hEorpa, teangacha lár na hEorpa, agus teangacha na dtíortha Baltacha a scríobh le Bunchló GC 12.0.
-
26 4/2020
Ardchló GC agus Ardchló Gaelach GC, leagan 2.0
Seoladh Ardchló GC, leagan 2.0 agus Ardchló Gaelach GC, leagan 2.0 , mar chlónna TrueType agus mar chlónna WOFF.
-
13 4/2020
Aonchló GC, leagan 5.0
Seoladh Aonchló GC, leagan 5.0, mar chló TrueType agus mar chló WOFF.
-
15 12/2019
macOS 'Catalina'
Cuireadh an t-eolas is déanaí faoi macOS leis na treoracha ar shuiteáil agus ar úsáid an chló Ghaelaigh.
-
30 12/2018
Lomchló GC
Seoladh Lomchló GC, cló éadrom neamh-ornáideach.
-
25 10/2018
macOS 'Mojave'
Cuireadh an t-eolas is déanaí faoi macOS leis na treoracha ar shuiteáil agus ar úsáid an chló Ghaelaigh.
-
23 12/2017
Ardchló GC agus Ardchló Gaelach GC
Seoladh Ardchló GC, cló nua digiteach atá bunaithe ar an bpeannaireacht uingeach. In éineacht leis, seoladh Ardchló Gaelach GC, leagan leasaithe den chló ina bhfuil cruth leath-uingeach ar roinnt de na litreacha.
-
24 11/2017
Broim Suairc
Foilsíodh an ceathrú phóstaer i gcnuasach Ghaelchló: póstaer dar teideal Broim Suairc.
-
1 10/2017
macOS 'High Sierra'
Cuireadh an t-eolas is déanaí faoi macOS leis na treoracha ar shuiteáil agus ar úsáid an chló Ghaelaigh.
-
10 6/2017
Beatha an Scoláire
Foilsíodh an tríú phóstaer i gcnuasach Ghaelchló: póstaer dar teideal Beatha an Scoláire.
-
14 5/2017
Ceist an Ghaelachais
Foilsíodh an dara phóstaer i gcnuasach Ghaelchló: póstaer dar teideal Ceist an Ghaelachais.
-
3 5/2017
Bua na gCaighdeán
Foilsíodh an chéad phóstaer i gcnuasach Ghaelchló: póstaer dar teideal Bua na gCaighdeán.
-
7 2/2017
Fíorchló GC, leagan 6.02
Seoladh Fíorchló GC, leagan 6.02, ina bhfuil roinnt litreacha breise curtha ar fáil.
-
28 1/2017
Dlúthchló GC, leagan 2.001
Deineadh mionleasú ar Dhlúthchló GC chun carachtar sa bhreis (féach códuimhir 1D79) a chur leis.
-
3 12/2016
Nuachló GC
Seoladh Nuachló GC, cló atá bunaithe ar an gCló Nua Rómhánach a úsáideadh sa 3ú eagrán de 'An Béal Bocht'. Leagan leasaithe is ea é de chló dar teideal Free Serif a chruthaigh an Free Software Foundation agus tá sé á chur amach ag Gaelchló faoi théarmaí Cheadúnas Ginearálta Poiblí GNU.
-
7 10/2016
macOS 'Sierra'
Cuireadh an t-eolas is déanaí faoi macOS leis na treoracha ar shuiteáil agus ar úsáid an chló Ghaelaigh.
-
14 9/2016
Caschló Ársa GC
Seoladh Caschló Ársa GC, leagan speisialta de Chaschló GC ina n‑úsáidtear na foirmeacha inseacha de 'r' agus de 's'. Ag an am céanna, seoladh Caschló GC, leagan 3, ina bhfuil cúpla carachtar sa bhreis.
-
28 8/2016
Bunchló Nua GC, leagan 2
Seoladh an dara leagan déag de Bhunchló Nua GC (leagan gnách, leagan iodálach agus leagan trom). Tá Bunchló Nua GC bord ar bord anois le Bunchló GC.
-
23 8/2016
Bunchló Ársa GC, leagan 11
Seoladh an t-aonú leagan déag de Bhunchló Ársa GC (leagan gnách, leagan iodálach, leagan trom agus leagan dubh), rud a fhágann go bhfuil Bunchló Ársa GC bord ar bord leis an leagan is déanaí de Bhunchló GC.
-
21 8/2016
Bunchló GC, leagan 11
Seoladh an t-aonú leagan déag de Bhunchló GC (ar a n-áirítear an leagan gnách, an leagan iodálach, an leagan trom agus an leagan dubh). Athraíodh an spás idir na línte agus is ionann é sna leaganacha go léir den chló anois. Cuireadh cúpla carachtar sa bhreis leis an bhfoireann.
-
6 8/2016
Aonchló GC, leagan 4
Seoladh an ceathrú leagan d'Aonchló GC. Athraíodh an spás idir na línte (is ionann é sa ghnáthleagan agus sa leagan trom anois) agus cuireadh cruth nua ar an amparsan sa dá mheáchan.
-
5 6/2016
Mórchló GC, leagan 2
Seoladh an dara leagan de Mhórchló GC ina bhfuil leaganacha malartacha de 'y' agus 'z' curtha ar fáil. Rinneadh mionleasuithe ar roinnt litreacha eile chomh maith.
-
2 5/2016
Dlúthchló GC, leagan 2
Seoladh an dara leagan de Dhlúthchló GC ina bhfuil cruth úr curtha ar 'G', 'g', 'S', 's', 'ß', '&' agus '⁊'. In éineacht leis sin, ceartaíodh botún amháin i gcódú na gcarachtar.
-
28 3/2016
Tromchló GC
Seoladh Tromchló GC, cló nua digiteach atá bunaithe ar chló miotail a dhear Ó Rathghaille i gcomhair nuachtán Chonradh na Gaeilge, An Claidheamh Solais, sa bhliain 1913. Tá Tromchló GC le fáil go díreach ón suíomh seo.
-
8 1/2016
WOFF
Cuireadh Glanchló GC ar fáil sa Web Open Format Format (WOFF).
-
29 11/2015
Bunchló Nua Iodálach GC
Seoladh 'Bunchló Nua Iodálach GC', leagan iodálach de Bhunchló Nua GC. Tá an cló le fáil saor in aisce mar chló TrueType agus sa Web Open Format Format (WOFF) ach é a iarraidh.
-
8 11/2015
Bunchló Nua Trom GC
Seoladh 'Bunchló Nua Tom GC', leagan trom de Bhunchló Nua GC. Tá an cló le fáil mar chló TrueType agus sa Web Open Format Format (WOFF); is féidir an dá fhormáid a bhailiú go díreach ón suíomh seo.
-
25 10/2015
Bunchló Nua GC
Seoladh 'Bunchló Nua GC', leagan leasaithe de Bhunchló GC ina bhfuil na ceannlitreacha go léir ar aon airde. Tá an cló le fail mar chló TrueType agus sa Web Open Format Format (WOFF); is féidir an dá fhormáid a bhailiú go díreach ón suíomh seo.
-
4 10/2015
OS X 'El Capitán'
Cuireadh an t-eolas is déanaí faoi OS X leis na treoracha ar shuiteáil agus ar úsáid an chló Ghaelaigh.
-
27 9/2015
Windows 10
Cuireadh an t-eolas is déanaí faoi Windows 10 leis na treoracha ar shuiteáil agus ar úsáid an chló Ghaelaigh.
-
22 9/2015
WOFF
Cuireadh Úrchló GC agus Úrchló Rómhánach GC ar fáil sa Web Open Format Format (WOFF).
-
19 9/2015
Linux
Deineadh na treoracha ar shuiteáil agus ar úsáid an chló Ghaelaigh le Linux a athnuachan.
-
13 9/2015
Dlúthchló GC
Seoladh cló nuadheartha ornáideach dar teideal 'Dlúthchló GC'.
-
19 8/2015
Suíomh athchóirithe
Deineadh athdhearadh iomlán ar shuíomh gréasáin Ghaelchló don chéad uair le roinnt blianta anuas.
-
12 8/2015
Twitter
Seoladh an chéad teachtaireacht riamh ó chuntas Twitter Ghaelchló.