Lámhchló GC

Is cló nuadheartha é Lámhchló GC atá bunaithe ar pheannaireacht reatha an 20ú céad. Tá líon mór carachtar malartach – idir mhalairtí stíle, nasclitreacha agus mhalairtí comhthéacsúla – le fáil sa chló seo, rud a chuireann lena chuma lámhscríofa.

Eisíodh an chéad leagan de Lámhchló GC sa bhliain 2024.

An ḟoireann

Lámhchló GC

Tá Lámhchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Caraċtair ṁalartaċa

Tá na leaganacha inseacha de 'r', 's' agus 'ṡ' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i Lámhchló GC. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1 mar atá léirithe sa tábla thíos.

Tá roinnt nasclitreacha (ligatures) le fáil i Lámhchló GC, mar atá léirithe sa tábla thíos.

Tá réimse leathan malairtí comhthéacsúla (contextual alternates) le fáil i Lámhchló GC, mar atá léirithe sa tábla thíos; cé gur litreacha loma amháin atá léirithe ar an tábla, tá malairtí comhthéacsúla ann do na gutaí fada agus na consain shéimhithe freisin. Na litreacha a bhfuil lánstad ar a lorg sa tábla, úsáidtear iad ag deireadh focail; bíonn an éifeacht chéanna ag spás, fleiscín, camóg, leathstad nó idirstad agus ag lánstad.

Moltar do dhaoine úsáid a bhaint as na nasclitreacha agus na malairtí comhthéacsúla i gcónaí más mian leo cuma réalaíoch lámhscríofa a chur ar théacs. Tabhair faoi deara go mbíonn nasclitreacha agus na malairtí comhthéacsúla réamhshocraithe i bhfeidhchláir áirithe (LibreOffice, mar shampla) ach caithfear iad a roghnú i bhfeidhmchláir eile (MS WordPages, mar shampla). Tá comhairle faoi úsáid na gcarachtar malartach le fáil ar leathanaigh eile: téigh chuig MS Windows, macOSLinux, ag brath ar an gcóras atá in úsáid agat.

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad lamhgc.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Lámhchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad lamhw.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Lámhchló GC sa Web Open Font Format.