Tá malairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i gclónna áirithe i gcnuasach Ghaelchló agus beimid ag cur lena líon de réir a chéile. Má tá malairt stíle le fáil i gcló, beifear in ann tacar stíle (stylistic set) a roghnú chun cruth eile a chur ar charachtair éagsúla sa chló sin agus beidh na sonraí le fáil ar leathanach an chló atá i gceist. Ar an leathanach seo, léirítear an tslí chun teacht ar mhalairtí stíle in LibreOffice Writer, ceann de na feidhmchláir is mó a úsáidtear le Linux.