Tá malairtí stíle (stylistic alternates) le fáil i roinnt de na clónna i gcnuasach Ghaelchló. Má tá malairt stíle le fáil i gcló áirithe, beifear in ann tacar stíle (stylistic set) a roghnú chun cruth eile a chur ar charachtair éagsúla sa chló sin. Mar shampla, d'fhéadfaí tacar stíle ar leith a roghnú chun na foirmeacha inseacha 'ɼ', 'ſ' agus 'ẛ' a chur isteach in ionad na bhfoirmeacha réamhshocraithe 'r', 's' agus 'ṡ'.
Má tá malairtí stíle le fáil i gcló ar leith, beidh na sonraí le léamh ar leathanach an chló atá i gceist. Chun teacht ar threoracha faoi úsáid na stíleanna malartacha i roinnt de na feidhmchláir is coitianta, roghnaigh an córas oibriúcháin atá in úsáid agat anseo thíos.
![]() |
Stíleanna malartacha in MS Windows |
![]() |
Stíleanna malartacha in macOS |
![]() |
Stíleanna malartacha in Linux |