Deaschló GC

Tá Deaschló GC bunaithe ar an litreoireacht atá le feiscint ar chomharthaí sráide i mbailte ar fud an deiscirt: mar atá, Corcaigh, Luimneach, Cluain Meala agus Cill Airne. Ní fhacamar samplaí de na litreacha 'j', 'q', 'x' ná 'z' ar na comharthaí sráide, áfach, agus b'éigean dúinn na litreacha seo a dhearadh as an nua.

Ní oireann Deaschló GC do theacsaí fada ná do thomhais bheaga. Moltar an cló a úsáid i dtomhais mhóra le haghaidh comharthaí, fógraí agus a leithéidí.

Eisíodh an chéad leagan de Dheaschló GC sa bhliain 2021.

An ḟoireann

Tá Deaschló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 1.200 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad deasgc.zip ina bhfuil leagan 1.20 de Dheaschló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad deasw.zip ina bhfuil leagan 1.20 de Dheaschló GC sa Web Open Font Format.