Is cló nuadheartha é Cuarchló GC atá bunaithe ar pheannaireacht nua-aoiseach ina bhfuil na litreacha scartha óna chéile.
Is cló ornáideach é Cuarchló GC a oireann nuair a bhíonn litreoireacht atá neamhfhoirmealta ach slachtmhar ag teastáil.
Eisíodh an chéad leagan de Chuarchló GC sa bhliain 2021.
Tá Cuarchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 1.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:
Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad cuargc.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Chuarchló GC mar chló OpenType. | |
Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad cuarw.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Chuarchló GC sa Web Open Font Format. |