Teilgeadh dhá leagan de chló Petrie a bhfuil miondifríochtaí eatarthu: 'Petrie A' a dearadh sa bhliain 1835 agus a úsáideadh chun 'Annála Rioghachta Éireann' a chlobhualadh, agus 'Petrie B' a dearadh sa bhliain 1850. Is ar an dara leagan a bunaíodh Ríchló GC, cé go bhfuil an litir 'B' níos cosúla leis an litir sin in Petrie A. Is carachtair nua-dheartha iad na litreacha nach bhfaightear in aibítir stairiúil na Gaeilge (j, k, q, v, w, x, y is z) agus na huimhreacha.
Cló le haghaidh téacsanna fada is ea Ríchló GC, ach is féidir é a úsáid mar chló ornáideach freisin.
Eisíodh an chéad leagan de Ríchló GC sa bhliain 2021.
Tá Ríchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Tá Ríchló Iodálach GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Tá Ríchló Trom GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Tá leaganacha nua-aoiseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 2.20 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:
Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad rigc.zip ina bhfuil Ríchló GC (leagan 2.20), Ríchló Iodálach GC (leagan 2.30) agus Ríchló Trom GC (leagan 2.20) mar chlónna OpenType. | |
Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad riw.zip ina bhfuil Ríchló GC (leagan 2.20), Ríchló Iodálach GC (leagan 2.30) agus Ríchló Trom GC (leagan 2.20) sa Web Open Font Format. |