Tá Nuachló GC bunaithe ar an gCló Nua Rómhanach a úsáideadh sa tríú eagrán de 'An Beal Bocht', leabhar a foilsíodh sa bhliain 1963. D'fhoilsigh Gaelchló an chéad leagan den chló ar an 3 Nollaig 2016, cúig bliana is seachtó go díreach tar éis fhoilsiú an chéad eagrán de mhórshaothar Bhriain Uí Nualláin.

Is leagan leasaithe é Nuachló GC den chló dar teideal Free Serif a chruthaigh an Free Software Foundation. Tugtar cead an cló seo a úsáid faoi théarmaí Cheadúnas Ginearálta Poiblí GNU.

Cló téacs is ea Nuachló GC. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.

An ġnáṫḟoireann

Nuachló GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

Nuachló Iodálach GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann ṫrom

Nuachló Trom GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá dhá fhoirm éagsúla de 'f séimhithe' agus de 't séimhithe' le fáil i leagan 3.00 den chló mar mhalairtí stíle (stylistic alternates). Chun teacht ar na foirmeacha éagsúla, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad nuagc.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Nuachló GC, de Nuachló Iodálach GC agus de Nuachló Trom GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad nuaw.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Nuachló GC, de Nuachló Iodálach GC agus de Nuachló Trom GC sa Web Open Font Format.