Gealchló GC

Is cló taibhseach nuadheartha é Gealchló GC ina bhfuil codarsnacht idir leithne na línte ingearacha agus caoile na línte comthrománacha. Tá cosúlachtaí nach beag idir stíl an chló seo agus stíl na gclónna a dtugtar clónna 'didone' orthu - 'Bodoni', 'Didot' agus a leithéidí.

Eisíodh an chéad leagan de Ghealchló GC ar an 28 Meán Fómhair 2026.

An ḟoireann

Gealchló GC

Tá Gealchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh le Gealchló GC a léamh anseo mar chomhad PDF.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r', 's' agus 'ṡ' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i nGealchló GC. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1. Chun leaganacha malartacha de na litreacha 'F', 'Ḟ', 'G', 'Ġ', 'J', 'L', 'P', 'Ṗ' agus 'Y' a fháil, roghnaigh stylistic set 2. Tá na leaganacha malartacha céanna le fáil, in éineacht leis na leaganacha inseacha de 'r' agus 's', in stylistic set 3 mar atá léirithe sa tábla thíos.

Nasclitreaċa roġnaċa

Má roghnaítear nasclitreacha roghnacha (discretionary ligatures) is é an ponc séimhithe seachas an 'h' a úsáidfear chun consain shéimhithe a léiriú: feicfear consan le ponc os a chionn nuair a scríobhtar consan inséimhithe le 'h' ar a lorg. Má chuirtear nasclitreacha roghnacha ar ceal, feicfear 'h' an tséimhithe in athuair. Tá na nasclitreacha roghnacha go léir léirithe sa tábla thíos

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad gealgc.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Ghealchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad gealw.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Ghealchló GC sa Web Open Font Format.