Lomchló GC

Is cló éadrom neamh-ornáideach é Lomchló GC. Dearadh úrnua is ea é, ach b'fhéidir go bhfuil rian éigin de thionchar an art déco le brath air.

Ní oireann Lomchló GC do théacsaí fada ná do thomhais bheaga toisc go bhfuil na línte ann chomh tanaí is atáid, ach is cló soiléir soléite é nuair a bhíonn tomhas na litreacha mór go leor.

Eisíodh an chéad leagan de Lomchló GC sa bhliain 2018.

An ġnáṫḟoireann

Lomchló GC

Tá Lomchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann ṫrom

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 4.000 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad lomgc.zip ina bhfuil leagan 4.00 de Lomchló GC, de Lomchló Iodálach GC agus de Lomchló Trom GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad lomw.zip ina bhfuil leagan 4.00 de Lomchló GC, de Lomchló Iodálach GC agus de Lomchló Trom GC sa Web Open Font Format.