

Tá Cruinnchló GC bunaithe go scaoilte ar an litreoireacht i lógó Cheirníní Cladaigh - lógó atá le feiceáil in uachtar sa léaráid thuas. Cló taibhseach soléite is ea é. Tá sé róthrom le húsáid i dtéacsanna fada ach oirfidh sé do cheannteidil agus don chomharthaíocht.
Eisíodh an chéad leagan de Chruinnchló GC um Cháisc in 2026.

Tá Cruinnchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Tá na leaganacha inseacha de 'r', 's' agus 'ṡ' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i gCruinnchló GC. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1. Chun leaganacha malartacha de na litreacha 'E', 'É', 'Æ', 'Œ', 'l' agus 'z' a fháil, roghnaigh stylistic set 2. Tá na leaganacha malartacha céanna le fáil, in éineacht leis na leaganacha inseacha de 'r' agus 's', in stylistic set 3 mar atá léirithe sa tábla thíos.

|
Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad cruinngc.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Chruinnchló GC mar chló OpenType. | |
|
Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad cruinnw.zip ina bhfuil leagan 1.00 de Chruinnchló GC sa Web Open Font Format. |