Saorchló GC

Tá Saorchló GC bunaithe go scaoilte ar an gcló a bhíodh le feiceáil ar bhoinn airgid Shaorstát Éireann, boinn a eisíodh don chéad uair sa bhliain 1928 agus a bhí in úsáid anuas go dtí an bhliain 1971 nuair a cuireadh tús leis an gcóras deachúil. Dealbhóir Sasanach darbh ainm Percy Metcalfe a dhear na boinn agus is dócha gurbh é a dhear na litreacha orthu freisin. Bhíodh corr-bhonn a raibh 'scilling' nó 'flóirín' scríofa air le feiceáil a fhad is a mhair an punt Éireannach ach is e an t-aon iarsma den chló atá fágtha anois an focal 'Éire' ar chúl bhoinn an euro. Is litreacha nua-dheartha iad 'b', 'd', 'h' agus 'm' (litreacha nár úsáideadh ar na boinn) agus na litreacha breise nach raibh gá leo in aibítir stairiúil na Gaeilge.

Cló ornáideach is ea Saorchló GC go príomha, ach d'fhéadfaí é a úsáid le haghaidh na gceannteideal i dtéacs fada freisin.

Eisíodh an chéad leagan de Shaorchló GC sa bhliain 2003.

An ḟoireann

Saorchló GC

Tá Saorchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 5.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad saorgc.zip ina bhfuil leagan 5.00 de Shaorchló GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad saorw.zip ina bhfuil leagan 5.00 de Shaorchló GC sa Web Open Font Format.