Méarċlár le haġaiḋ macOS

Dáiltear macOS in éineacht le méarchlár bog darb ainm 'Irish-Extended' lenar féidir an cló Gaelach a scríobh. Ach más féidir na gutaí fada a scríobh go héasca le 'Irish-Extended' (ní gá ach alt+guta a bhualadh in éineacht), tá sé níos deacra na consain shéimhithe a bhreacadh (caithfear alt+w a bhualadh roimh an gconsan atá le séimhiú) agus níl aon bhealach éasca ann chun na seanfhoirmeacha arda de 'r' agus 's' a scríobh. Dá bhrí sin, tá méarchlár bog eisithe ag Gaelchló a ligfidh duit gach carachtar den chló Gaelach a scríobh gan stró.

Faigh an comhad macgael.zip ina bhfuil an méarchlár dar teideal 'Cló Gaelach'.



Suiteáil an ṁéarċláir

1. Tá an méarchlár pacáilte i gcomhad comhbhrúite a bhfuil macgael.zip air agus méadóidh macOS an comhad sin go huathoibríoch chun fillteán darb ainm Keyboard Layouts a chruthú (mura dtarlóidh sé sin, cliceáil air macgael.zip lena mhéadú). Laistigh den fhillteán beidh dhá chomhad: Cló Gaelach.keylayout (an méarchlár) agus Cló gaelach.icns (an deilbhín).

2. Téigh chuig Computer > Macintosh HD > Library > Keyboard Layouts agus sábháil an dá chomhad (Cló Gaelach.keylayout agus Cló gaelach.icns) ó chéim a haon sa bhfillteán. Beidh ort an pasfhocal a úsáideann tú don ríomhaire a chur isteach faoi dhó.

3. Téigh chuig System Preferences > Language & Region > Keyboard Preferences. Feicfear fuinneog cosúil leis an gceann thíos:

macOS 12

Roghnaigh Input Sources agus ansin an cnaipe a bhfuil + scríofa air. Osclóidh bosca cosúil leis an gceann thíos:

macOS 12

Roghnaigh Others, Cló Gaelach agus Add; cuirfear an méarchlár nua le liosta na méarchlár atá le fáil:

macOS 12

4. Téigh ar ais go dtí an roghchlár ag barr an scáileáin agus roghnaigh Cló Gaelach mar mhéarchlár oibre - féach thíos.

macOS 12

Beidh tú in ann aistriú idir na méarchláir éagsúla atá suiteáilte ar an ríomhaire (idir Irish, Irish-Extended agus Cló Gaelach sa sampla thuas) de réir mar a oirfidh ceann nó eile de na méarchláir don obair a bheidh idir lámha.



Úsáid an ṁéarċláir

Chun carachtar a scríobh le 'Cló Gaelach' ní gá ach luí ar an gcnaipe a bhfuil 'alt' air agus cnaipe eile a bhualadh ag an am céanna. Mar shampla, chun an litir 'á' a scríobh, luigh ar 'alt' agus buail 'a'. Léiríonn an tábla thíos conas a scríobhtar na carachtair éagsúla.

alt in éineaċt le ...Caraċtar
  
AÁ
aá
EÉ
eé
IÍ
ií
OÓ
oó
UÚ
uú
B
b
CĊ
cċ
D
d
F
f
GĠ
gġ
M
m
P
p
S
s
T
t
rɼ
zſ
h
7 &