Is leagan malartach é seo d'Úrchló GC ina gcloíonn dearadh na litreacha leis an stíl Rómhánach, cé go bhfuil na consain shéimhithe le fáil ann mar a bheadh i gcló Gaelach ar bith. Cló nua-aoiseach gan trasmhíreanna a dearadh le déanaí is ea Úrchló GC. Cuma chéimseatúil atá air; is é sin le rá nach bhfuil i bhformhór na litreacha ach cruthanna simplí - ciorcail, giotaí de chiorcail, agus línte díreacha.

Cló téacs is ea Úrchló. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha nach bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Arial, Univers, Helvetica nó Futura mar shampla.

Eisíodh an chéad leagan d'Úrchló GC sa bhliain 1996.

An ġnáṫḟoireann

Úchló Rómhánach GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

Úchló Rómhánach Iodálach GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann ṫrom

Úchló Rómhánach Trom GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá dhá fhoirm éagsúla de 'f séimhithe' agus de 't séimhithe' le fáil i leagan 13.00 den chló mar mhalairtí stíle (stylistic alternates). Chun teacht ar na foirmeacha éagsúla, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad urrgc.zip ina bhfuil leagan 13.00 d'Úrchló Rómhánach GC, d'Úrchló Rómhánach Iodálach GC agus d'Úrchló Rómhánach Trom GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad urrw.zip ina bhfuil leagan 13.00 d'Úrchló Rómhánach GC, d'Úrchló Rómhánach Iodálach GC agus d'Úrchló Rómhánach Trom GC sa Web Open Font Format.