Cló nua-aoiseach gan trasmhíreanna a dearadh le déanaí is ea Úrchló GC. Cuma chéimseatúil atá air; is é sin le rá nach bhfuil i bhformhór na litreacha ach cruthanna simplí - ciorcail, giotaí de chiorcail, agus línte díreacha.

Cló téacs is ea Úrchló. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha nach bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Arial, Univers, Helvetica nó Futura mar shampla.

Eisíodh an chéad leagan d'Úrchló GC sa bhliain 1996.

An ġnáṫḟoireann

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

An ḟoireann ṫrom

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 13.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad urgc.zip ina bhfuil leagan 13.00 d'Úrchló GC, d'Úrchló Iodálach GC agus d'Úrchló Trom GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad urw.zip ina bhfuil leagan 13.00 d'Úrchló GC, d'Úrchló Iodálach GC agus d'Úrchló Trom GC sa Web Open Font Format.