Comhartha sráide

Tá Sráidchló GC bunaithe ar an litreoireacht atá le feiscint ar chomharthaí sráide a crochadh i mBaile Átha Cliath idir fichidí agus seascaidí an chéid seo caite. Ceannlitreacha amháin a úsáideadh ar na comharthaí sráide agus b'éigean na mionlitreacha a dhearadh as an nua don chló seo. Mar an gcéanna, dearadh na litreacha nár úsáideadh in aibítir stairiúil na Gaeilge as an nua don chló digiteach.

Ní oireann Sráidchló GC do théacsaí fada ná do thomhais bheaga mar tá na spásanna idir na litreacha cúng go leor. Moltar an cló a úsáid i dtomhais mhóra le haghaidh comharthaí, fógraí agus a leithéidí.

Eisíodh an chéad leagan de Shráidchló GC sa bhliain 2020.

An ḟoireann

Tá Sráidchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 2.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad sraidgc.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Shráidchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad sraidw.zip ina bhfuil leagan 3.00 de Shráidchló GC sa Web Open Font Format.