Ardchló GC

Lámhscríbhinn Ghaeilge

Is leagan leasaithe é seo den chló darb ainm Ardchló Eorpach GC ina bhfuil cruth leath-uingeach ar roinnt de na litreacha.

Cló ornáideach is ea Ardchló GC. Eisíodh an chéad leagan den chló sa bhliain 2017 faoin ainm 'Ardchló Gaelach GC'.

An ḟoireann

Tá Ardchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir sa chló léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates). Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad ardgc.zip ina bhfuil leagan 4.100 d'Ardchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad ardw.zip ina bhfuil leagan 4.100 d'Ardchló GC sa Web Open Font Format.