Tá Órchló GC bunaithe ar an gcló darb ainm 'Kilfane' a dhear William Curran sa bhliain 1978. B'iontráil é an cló i gcomórtas dar theideal 'Design an Irish Typeface' a d'eagraigh comhlacht Letraset. Cé nár bhuaigh Kilfane an comórtas, d'eisigh Letraset an cló mar bhileog d'aistreoga cuimilte agus bhí sé le fáil i gcaitheamh na 1980í. Roghnaigh Robert Ballagh an cló don tsraith de nótaí airgid a dhear sé sa bhliain 1991, nótaí a bhí in úsáid go dtí teacht an euro in 2002. Leagan rialta, ingearach den stíl pheannaireachta ar a dtugtar an mhórpheannaireacht inseach is ea é.
Cló ornáideach is ea Órchló GC go príomha, ach d'fhéadfaí é a úsáid le haghaidh na gceannteideal i dtéacs fada freisin.
Eisíodh an chéad leagan d'Órchló GC sa bhliain 2001.
Tá Órchló GC códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.
Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 7.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:
Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad orgc.zip ina bhfuil leagan 7.00 d'Órchló GC mar chló OpenType. | |
Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad orw.zip ina bhfuil leagan 7.00 d'Órchló GC sa Web Open Font Format. |