Clónna le Dearṫóirí Eile

Tá réimse leathan de chlónna digiteacha sa stíl Ghaelach curtha amach le blianta beaga anuas. Go deimhin, ní áibhéal a rá gur mó an líon clónna a dearadh ón mbliain 1989 i leith ná mar a dearadh sa cheithre chéad bliain roimhe sin. Ní liosta cuimsitheach é seo, ach tá eolas ar roinnt de na clónna digiteacha is fearr le fáil anseo thíos.



Keith Bates

Tá dhá chló sa stíl inseach nó Ghaelach foilsithe ag Keith Bates, dearthóir atá i mbun K-Type, clóchearta atá lonnaithe i Manchain Shasana.

Celtica

Is cló lom gan trasmhíreanna é Celtica ina bhfuil cuma inseach ar na litreacha. Tá na gutaí fada agus na consain shéimhithe a theastaíonn don Ghaeilge le fáil ann, mar aon leis an nod '⁊', ach tá na foirmeacha inseacha de 'r' agus 's' in easnamh. Is cló dea-dheartha úsáideach é seo agus is féidir é a íoslódáil anseo. Tá sampla de théacs a clóbhuaileadh le Celtica le léamh anseo.

Irish Penny

Tá an cló seo bunaithe go dlúth ar an litreoireacht a bhí ar bhoinn airgid Shaorstát Éireann. Tá dearadh na litreacha in Irish Penny níos dílse don bhunfhoinse ná mar atáid i Saorchló GC. Tá an 'd' bunaithe ar an siombal le haghaidh 'pingin' a úsáideach ar na boinn, áfach, agus tá an 'r' inseach ar iarraidh cé go bhfuil 's' inseach le fáil sa chló. Tá na gutaí fada agus na consain shéimhithe a theastaíonn don Ghaeilge le fáil ann. Tá Irish Penny ar díol anseo agus tá sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló le léamh anseo.



Michael Everson

Tá cnuasach clónna dar teideal Celtscript á dhíol ag Michael Everson - an clódhearthóir a chuir tús le hathbheochaint dhigiteach an chló Ghaelaigh. Tá eolas breise ar na clónna le fáil ar shuíomh CeltScript agus tá siad le ceannach ó MyFonts.

Ceanannas

An é seo an cló Gaelach is áille dár dearadh riamh? Ní féidir freagra oibiachtúil a thabhairt ar cheist mar sin ach níl leisce ar bith orainn a rá gurb ea. Tá Ceanannas bunaithe go scaoilte ar an mórpheannaireacht inseach - an stíl peannaireachta atá le feiceáil i Leabhar Cheanannais - ach é curtha in oiriúint do riachtanais an lae inniu. Cló den scoth is ea Ceanannas atá greanta soléite. Is féidir téacs samplach a clóbhuaileadh leis an gcló a léamh anseo.

Corcaigh

Cló ornáideach is ea Corcaigh a bunaíodh ar na litreacha a bhíodh le feiceáil ar shean-suaitheantas Chonradh na Gaeilge. Tá Corcaigh soiléir soléite, ach beagáiníin ró-mhaisiúil b'fhéidir le haghaidh téacsanna leanúnacha. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh anseo.

Doire

Cló aonleithid is ea Doire a bunaíodh ar stíl na litreacha clóscríofa a bhíodh in úsáid ag an Royal Typewriter Company. Caithfear a rá nár réitíodh an fhadhb a bhaineann leis an litir "i" i gclónna clóscríofa sa chás seo.

Duibhlinn

Is leagan digiteach é seo den chló Gaelach a d'eisigh Monotype sa bhliain 1906 ('Series 24') agus a bhí in úsáid ar feadh breis is caoga bliain. Bhí cló Monotype an-chosúil le cló Newman a cuireadh amach timpeall na blaina 1858. Tá Duibhlinn thar a bheith dílis dá eiseamláir agus tá cuma an chló miotail air. Cló is ea é a oireann go maith do théacsanna fada. Is féidir téacs samplach a clóbhuaileadh le Duibhlinn a léamh anseo.

Dumha Goirt

Is leagan digiteach é Dumha Goirt de chló Watts, cló a eisíodh don chéad uair in 1818 agus a úsáideadh go coitianta sa chéad leath den 19ú céad. Leanadh an eiseamláir chomh dlúth sin go bhfuil na lochtanna céanna le brath ar an dá chló - litreacha beaga míchothroma ar fiar. Ach más cló seanfhaiseanta a bhfuil cuma an tseanreachta air a theastaíonn uait, ní féidir Dumha Goirt a bhualadh. 'Acaill' a bhí ar leaganacha luatha den chló seo.

Loch Garman

Cló darb ainm Baoithín a dhear Colm Ó Lochlainn sa bhliain 1932 a bhí mar eiseamláir don chló seo. Ní raibh i mBaoithín féin ach leagan Gaelaithe de Hammer Unziale, cló a dhear an tOstarach Viktor Hammer in 1921. Tá Loch Garman trom soiléir agus bheadh sé oiriúnach le haghaidh comharthaí poiblí, fógraí nó a leithéidí.

Teamhair

Is leagan digiteach é seo de chló aonleithid a bhíodh in úsáid ar na clóscríobháin láimhe de dhéantús Tower. Tá Teamhair níos ornáidí ná mar a bheifí ag súil leis i gcás cló clóscríofa.



Pádraig McCarthy

Dhear Pádraig McCarthy an chéad leagan den chló seo sa bhliain 1993 agus níor chuir sé srian ar bith lena dháileadh ná lena úsaid. D'eisigh Fios Feasa leagan leasaithe a raibh 'Gaeilge 2' air in 1997 agus chuir KAD na Briotáine leagan eile amach a raibh 'Gaeilge UNICODE' air in 2003. Tá 'Gaeilge 4' á chur ar fáil anois ag Gaelchló le caoinchead an dearthóra. Cuireadh cruth nua ar na ceannlitreacha 'V', 'W', 'X' agus 'Y' i leagan 4.1 den chló.

Gaeilge 4

Cló sa stíl leath-uingeach is ea Gaeilge 4. Tá sé le fáil anseo mar chló TrueType: faigh an comhad Gaeilge4.zip. Is féidir téacs samplach a clóbhuaileadh le Gaeilge 4 a léamh anseo.



Matt McDonagh

Cló amháin atá curtha amach ag Matt McDonagh go dtí seo ach táthar ag súil le tuilleadh uaidh. Tá an cló le fáil saor in aisce ó shuíomh pearsanta an dearthóra anseo.

Macalla

Is cló digiteach ard-chaighdeáin é Macalla i stíl an chló ar a dtugtar cló Watts. Féach freisin Dumha Goirt thuas agus Seanchló GC. Tá téacs samplach a clóbhuaileadh le Macalla le léamh anseo.



John McMillan

Is cló é Feirste a dhear John McMillan in 2018. Is leagan Gaelaithe é de Farset - cló rómhánach ar leagan digiteach é den litreoireacht atá le feiceáil ar na sean-chomharthaí sráide i mBéal Feirste. Tá sé le ceannach ó shuíomh MuirMcNeil.

Feirste

Aisteach go leor, cé gur leagan inseach den litir 'r' atá sa chló, níl leagan inseach den litir 's' le fáil ann. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh le Feirste a léamh anseo.



Feòrag NicBhrìde

Is cló-dhearthóir Albanach í Feòrag NicBhrìde a bhfuil roinnt clónna deartha aici. Ina measc seo tá cló a bhfuil 'Cianán Ùr' air atá bunaithe ar pheannaireacht Ghaelach. Is féidir an cló a ioslódáil ó shuíomh an dearthóra anseo.

Cianchló

Ar an drochuair, ní oireann Cianán Ùr don Ghaeilge toisc gur 'r' rómhánach atá ann. Ós rud é gur eisíodh an cló faoin SIL Open Font License, bhí sé de chead againn dearadh an 'r' a athrú agus cló leasaithe a fhoilsíu faoi ainm nua. Le heisceacht an 'r', tá na litreacha eile go léir in Cianchló ar aon dul leis na litreacha in Cianán Ùr. Tá Cianchló le fáil anseo mar chló OpenType: faigh an comhad Cianchlo.zip. Tá Cianchló á chur amach ag Gaelchló faoi théarmai an SIL Open Font License. Is féidir téacs samplach a clóbhuaileadh le Cianchló a léamh anseo.



Séamas Ó Brógáin

Is é Gadelica an t-aon chló Gaelach amháin a dhear Séamas Ó Brógáin. Is cló ard-chaighdeáin é, áfach, agus tá trí fhoireann den chló le fáil: an gnáth-cheann, ceann iodálach agus ceann trom. D'éag Séamas Ó Brógáin ar an 22 Eanáir 2024; thug sé cead do chách Gadelica a dháileadh ach níor cheadaigh sé an cló a athrú.

Gadelica

Cló nua-dheartha is ea Gadelica a bhfuil tionchar áirithe ó chló Eilíse, an chéad chló Gaelach a rinneadh riamh, le brath air. Tá an cló rialta, soléite agus oireann sé do théacsanna fada. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh le Gadelica a léamh anseo. Chun Gadelica a íoslódáil mar chló OpenType faigh an comhad Gadelica Ultima.



Liam O'Connor

Ba dhearthóir gairmiúil é Liam O'Connor a fuair bás sa bhliain 2010. Foilsíodh Gaelic Schoolbook ar dhlúthdhiosca in 2009 ach is cosúil nach bhfuil sé le fáil anois.

Gaelic Schoolbook

Bunaíodh an cló seo ar pheannaireacht Liam O'Connor, dearthóir gairmiúil, agus tháirg an Electronic Font Foundry, comhlacht Sasanach nach bhfuil ag feidhmiú a thuilleadh, an cló digiteach. Tá an cló códaithe de réir Unicode agus eisíodh ceithre leagan de: gnách, iodálach, trom, agus trom iodálach. Is smál ar dhearadh maith é go bhfuil ponc ar an 'i'. Is féidir téacs samplach a clóbhuaileadh leis an gcló a léamh anseo; tabhair faoi deara, áfach, gur úsáideadh 'ı' na Tuircise in ionad 'i' sa téacs samplach seo.



Colm Ó Loċlainn

Ba sa bhliain 1892 a rugadh Colm Ó Lochlainn agus d'éag sé in 1972. Bhain an chlólann a bhunaigh sé, 'Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal', cáil amach de bharr ardchaighdeán na leabhar a clóbhuaileadh inti - leabhair Ghaeilge ina measc.

Colmcille

Dhear Colm Ó Lochlainn an cló gleoite seo le haghaidh Monotype in 1936 ach ní bhfuair sé an t-aitheantas a bhí ag dul dó riamh. Chruthaigh Dara Ó Lochlainn, mac an dearthóra, leagan digiteach den chló sa bhliain 1993. Ar an drochuair, cuireadh litreacha sa stíl Rómhánach isteach in ionad roinnt de na litreacha Gaelacha ('d', 'f', 'G', 'g', 'i', 'r', 's' agus 't'). Tá na litreacha bunaidh fós le fáil in áiteanna eile sa chló ach níl an códú ag teacht le caighdeán Unicode, rud a bhaineann go mór de luach an leagain digitigh. Tá Colmcille le ceannach ó shuíomh Linotype anseo agus tá téacs samplach a clóbhuaileadh le Colmcille le léamh anseo.



Norbert Reiners

Is clódhearthóir gairmiúil ón nGearmáin é Norbert Reiners a bhfuil dhá chló sa stíl Ghaelach deartha aige: Eirinn (1994) agus EF Ossian Gaelic (1995). Tá tionchar cló Petrie le brath ar Eirinn ach ní féidir an cló sin a mholadh toisc go bhfuil na consain shéimhithe ar iarraidh.

EF Ossian Gaelic

Tá cuma shainiúil go leor ar EF Ossian Gaelic agus tá na litreacha go léir atá riachtanach don Ghaeilge le fáil ann. Tá gnáthleagan agus leagan trom den chló le fáil agus is féidir iad a cheannach anseo Tá téacs samplach a clóbhuaileadh le EF Ossian Gaelic le léamh anseo.



Andreas Stötzner

Is clódhearthóir gairmiúil ó Leipzig na Gearmáine é Andreas Stötzner. Tá réimse leathan clónna deartha aige agus tá roinnt acu seo curtha in oiriúint aige don Ghaeilge le blianta beaga anuas. Tá a chuid clónna le ceannach ó MyFonts.

Andron EIR Corpus

Is leagan Gaelach é seo de chló darb ainm Andron a dhear Stötzner; tá leagan Rómhánach agus leagan i stíl Fraktur na Gearmáinise réitithe aige chomh maith. Cé go bhfuil cuma ornáideach ar Andron, d'fhéadfaí é a úsáid le haghaidh téacsanna fada. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh anseo.

Ardagh

Cló ornáideach i stíl na peannaireachta leath-uingí is ea é seo. Ceannlitreacha ar fad agus ann ní bheadh an cló oiriúnach le haghaidh téacsanna leanúnacha, ach bheadh sé ar fheabhas ar fhógraí clóbhuailte nó ar fhoilseacháin mhaisiúla eile.

Hibernica Medior agus Hibernica Minor


Is cló nua-aoiseach gan trasnáin é seo atá bunaithe ar chló eile le Stötzner darb ainm Lapidaria. Tá dhá stíl den chló ('Medior' is 'Minor') agus trí mheáchan (éadrom, meánach is trom) den dá stíl le fáil. D'fhéadfaí an cló a úsáid le haghaidh fógraí nó chun téacsanna leanúnacha a fhoilsiú. Tá téacs samplach a clóbhuaileadh le Hibernica Medior le léamh anseo