Dlúthchló GC

Cló nuadheartha taispeána is ea Dlúthchló GC. Tá an cló bunaithe go scaoilte ar na litreacha a bhíodh le feiscint ar bhoscaí bruscair i gcathair Átha Cliath go dtí le deireanas. Bheadh sé oiriúnach do chomharthaí poiblí nó d'aon úsáid eile ina mbeadh litreacha móra ag teastáil.

Eisíodh an chéad leagan de Dhlúthchló GC sa bhliain 2015.

An ḟoireann

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 3.200 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad dluthgc.zip ina bhfuil leagan 3.20 de Dhlúthchló GC mar chló OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad dluthw.zip ina bhfuil leagan 3.20 de Dhlúthchló GC sa Web Open Font Format.