Glanchló GC

Cló Gaelach nua-dheartha is ea Glanchló GC ach tá tionchar áirithe ó chlónna Petrie, a bhí in úsáid sa 19ú céad, agus ó chló Cholum Cille, a dhear Colm Ó Lochlainn i lár an 20ú céad, le brath air.

Cló téacs is ea Glanchló GC. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.

Is é Glanchló GC an cló is sine i gcnuasach Ghaelchló: eisíodh an chéad leagan de sa bhliain 1994.

An ġnáṫḟoireann

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

An ḟoireann ṫrom

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates). Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Lena chois sin, tá ceannlitreacha beaga le fáil sa ghnáthfhoireann, san fhoireann iodálach, agus san fhoireann throm den chló. Chun na ceannlitreacha beaga a úsáid, roghnaigh stylistic set 2:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad glangc.zip ina bhfuil leagan 15.00 de Ghlanchló GC, de Ghlanchló Iodálach GC agus de Ghlanchló Trom GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad glanw.zip ina bhfuil leagan 15.00 de Ghlanchló GC, de Ghlanchló Iodálach GC agus de Ghlanchló Trom GC sa Web Open Font Format.