Mínchló GC

Cló nua-dheartha is ea Mínchló. Iarracht ba ea é chun cló a chruthú a mbeadh na dea-thréithe céanna aige a bhaineann le cló Newman (féach Bunchló GC) ach a bheadh níos cuartha agus níos míne ag an am céanna.

Cló téacs is ea Mínchló. D'fhéadfaí é a úsáid in éineacht le clónna Rómhánacha a bhfuil trasmhíreanna orthu: le leithéidí Times New Roman, Garamond, Baskerville nó Cheltenham mar shampla.

Eisíodh an chéad leagan de Mhionchló GC sa bhliain 2003.

An ġnáṫḟoireann

Mínchló GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann iodálaċ

Mínchló Iodálach GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

An ḟoireann ṫrom

Mínchló Trom GC

Tá an cló seo códaithe de réir Unicode, an caighdeán idirnáisiúnta, agus tá na carachtair go léir ann léirithe anseo. Is féidir sampla de théacs a clóbhuaileadh leis an gcló seo a léamh má tá Acrobat Reader ar do ríomhaire agat.

Malairtí stíle

Tá na leaganacha inseacha de 'r' agus de 's' le fáil mar mhalairtí stíle (stylistic alternates) i leagan 7.00 den chló. Lena n‑úsáid, roghnaigh stylistic set 1:

Íoslódáil

Más mian leat an cló seo a úsáid ar do ríomhaire pearsanta, faigh an comhad mingc.zip ina bhfuil leagan 7.00 de Mhínchló GC, de Mhíchló Iodálach GC agus de Mhínchló Trom GC mar chlónna OpenType.

Más mian leat an cló seo a úsáid ar leathanach gréasáin, faigh an comhad minw.zip ina bhfuil leagan 7.00 de Mhínchló GC, de Mhíchló Iodálach GC agus de Mhínchló Trom GC sa Web Open Font Format.