Priontaí Ġaelċló

Tá na priontaí thíos le fáil saor in aisce mar chomhaid PDF. Moltar iad a chlóbhualadh ar pháipéar A3. Ní gá ach cliceáil ar an íomhá den phrionta atá uait chun an PDF a oscailt agus beidh tú in ann é a íoslódáil ansin. Beifear ag cur leis an gcnuasach seo de réir a chéile.

1. An Cló Gaelach i Ré an Mhiotail
Tá na clónna Gaelacha go léir a bhí in úsáid idir an 16ú céad agus an 20ú céad léirithe i dteannta a chéile ar an bprionta seo.

2. Clónna Ghaelchló
Is é seo an prionta is ansa linn: tá na clónna a d'eisíomar le beagnach tríocha bliain anuas léirithe ar an bprionta seo san ord inar eisíodh iad.

3. Bua na gCaighdeán
Is eolaí ríomhaireachta Meiriceánach é Andrew S. Tannenbaum. Tógadh an ráiteas thuas as leabhar leis dar teideal Computer Networks. 'The nice thing about standards is that you have so many to choose from' atá sa leagan bunaidh den abairt. Is é Tromchló GC an cló

4. Ceist an Ghaelachais
Is sliocht é seo as an úrscéal dar teideal An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, leabhar a foilsíodh don chéad uair sa bhliain 1941. Is é Nuachló GC an cló agus tá sé bunaithe ar an gCló Nua Rómhanach a úsáideadh sa tríú eagrán de leabhar Myles, eagrán a cuireadh amach sa bhliain 1963.

5. Beatha an Scoláire
Tá an chéad dá véarsa as dán a cumadh sa 17ú céad léirithe ar an bprionta seo - cúig véarsa atá san aiste iomlán. Níl ainm an údair ar eolas againn. Tá an cló (Géarchló GC) bunaithe ar pheannaireacht na linne inar cumadh an dán.

6. Broim Suairc
Is ráiteas é seo atá luaite le Martin Luther (1483-1546): 'aus einem traurigen Arsch kommt kein fröhlicher Furz'. Is iad Seanchló GC agus Alte Schwabacher na clónna.

7. Haiku an Chlóghrafóra
Seánra filíochta ón tSeapáin is ea an haiku ina mbíonn cúig shiolla sa chéad líne, seacht siolla sa dara líne, agus cúig shiolla arís sa líne dheiridh. Is é Bunchló GC an cló.